Cúinne beag ceolmhar an Phiarsaigh

Tugann dlúthcheirnín nua léargas as an úr ar mheon an Phiarsaigh


“Bíonn a léamh féin ag chuile dhuine ar an bPiarsach mar fhear, mar scríbhneoir, mar réabhlóidí, mar pholaiteoir, mar oideachasóir, mar Ghael. Léiríonn an ceol agus na hamhráin a luaitear ina chuid drámaí go raibh cúinne beag dá aigne a thug spás ar leith don cheol agus a chreid go raibh fiúntas agus luach ag baint leis do phobal na hÉireann trí chéile.”

Sin mar a scríobhann Síle Denvir agus í ag cur a dlúthdhiosca nua, Caithréim (Cló Iar-Chonnacht), i láthair. Tá an ceart aici fosta; tá sí i ndiaidh teacht ar mhír de shaol an Phiarsaigh a raibh faillí déanta inti. Is beag duine – an t-iriseoir seo san áireamh – a thugann aird ar an ghné seo de shaol cruthaitheach an Phiarsaigh.

Is orainn atá an t-ádh go raibh fís ag Denvir nach raibh ag an chuid eile againn.

Seacht bpíosa ceoil atá ann, amhráin a bhaineann le drámaí an Phiarsaigh.

READ MORE

Ceol traidisiúnta atá ann, a deir tú?

Sea agus ní hea.

Ceol traidisiúnta atá ann sa mhéid is go n-aithneoidh tú na píosaí ceoil agus go mbaineann siad leis an seánra sin.

Ach tá Denvir i ndiaidh rud inteacht sa bhreis a chur leo.

Tá a cuid féin déanta ag Denvir de na píosaí go díreach mar a dhéanann, abair, an cumadóir comhaimseartha, Arvo Pärt, a chuid féin den cheol claiseacach.

Aithníonn tú an seánra ach tá cumas cruthaitheach as an úr le mothú ina chur chuige – agus i gcur chuige Denvir sa chás seo.

Tá Denvir le cluinstin i mbun amhráin agus i mbun ceoil sa dlúthdhiosca agus is í a chóirigh na píosaí, beagnach ar fad.

Comhdháil acadúil ar dhrámaí an Phiarsaigh a spreag í le tabhairt faoin saothar an chéad lá riamh agus is fiúntach an toradh é, Caithréim, ar an taighde a rinne sí ó shin.

Shocraigh sí “go mbeadh an chláirseach, an phíb uilleann agus an fhidil lárnach sa gcóiriú mar mhacalla ar na huirlisí a bhí á gcur chun cinn agus á gcasadh ag cuid de lucht na hAthbheochana ag tús na haoise seo caite”.

Is iontach an macalla é, idir a glór taibhsiúil féin agus na huirlisí. Ní bréag a rá go dtugann Denvir léargas eile ar an Phiarsach; tá an ceart aici go bhfuil “cúinne beag dá aigne” aimsithe aici; cúinne a bhí ina thost le fada, rófhada.

Ní bhaineann dua ar bith le héisteacht le ceol ach níl na focail agam cur síos mar is ceart a dhéanamh ar éifeacht nó ar thionchar nó ar thocht an cheoil anseo aici. Éisteann tú leis an phíosa An ChaithréimCaoineadh MhuireGráinne Mhaol agus corraíonn siad an croí agus an t-anam ionat.

Dá mbíodh focail le cur síos ar na mothúcháin sin agat, scríobhfá dán!

Bailíonn sreanga na n-uirlisí thart ar do cholainn agus tugann na nótaí ceoil siar i do ghiall go ré an Phiarsaigh thú.

Tá tú ina chuideachta, ag éisteacht leis na hamhráin ar éist sé leo, tá tú leis, ar bhealach mistéireach.

Níl na focail agam lena ceart a thabhairt do Denvir ná dá comhghleacaithe, Thomas Johnson, Aoife Ní Argáin, Síomha Mulligan, Éadaoin Ní Mhaicín agus Claire Dolan.

Tá éacht déanta acu. Saothar ábalta álainn atá anseo ag Denvir, saothar luachmhar. D’aithneodh an Piarsach féin fiúntas an tsaothair seo nó tá cur chuige Denvir ag teacht lena mhianta féin.

Ag caint ar chúrsaí litríochta, dúirt an Piarsach: “Irish literature, if it is to live and grow, must get into contact on the one hand with its own past and on the other with the mind of contemporary Europe.

“It must draw the sap of its life from the soil of Ireland: but it must be open on every side to the free air of heaven.”

Tá an méid céanna fíor faoi cheol, nach bhfuil?

Tá an méid sin bainte amach ag Denvir.

Tá ceol Denvir beo in ithir na hÉireann agus tá a cuid ceoil ag fás as an nua.

Bealach Mhic Grianna

Beidh siompóisiam cúig lá ar shaothar an scríbhneora, Seosamh Mac Grianna, i nGaeláras Mhic Ardghail, an tIúr, Co Ard Mhacha, idir an Luan 18ú agus an Aoine 22ú Iúil.

Tabharfaidh lucht ollscoile agus aos pinn aghaidh ar ghnéithe éagsúla de scríbhneoireacht an Chonallaigh, ina measc, an tionchar a d’imir sé ar litríocht na hÉireann, Clann Mhic Grianna agus a saol lena linn agus saibhreas teanga an údair. Beidh taispeántas leabhar agus grianghraf a bhaineann le Mac Grianna le feiceáil agus oíche airneáil.

Teoranta do scor duine atá an ócáid agus £100 an táille.

Eolas: seanrua1959@gmail.com