Deiseanna scríbhneoireachta ar fáil d’údair na teanga in Éirinn agus thar sáile


Tá Foras na Gaeilge ar lorg iarratais ó scríbhneoirí le haghaidh socrúchán cruthaitheach liteartha ocht seachtaine sa tSlóivéin. Faoi chúram an fhiontair, Focail Eile, atá an foras ag déanamh na tairisceana seo. Is é an cuspóir atá leis deis a thabhairt do scríbhneoir Gaeilge seal a chaitheamh thar sáile le pobal eile teanga agus saothar nua liteartha a thabhairt chun beatha.

Caithfear an t-iarratas a dhéanamh faoin Luan, an chéad lá de Lúnasa. Meastar go mbeidh an tréimhse chónaithe ar siúl idir Meán Fómhair agus an tSamhain i mbliana. Cuifear costais taistil agus chothabhála, lóistín agus luach saothair €2,500 ar fáil. Eolas: focaileile@forasnagaeilge.ie

Drámaí raidió

Tá Raidió na Life ag lorg iarratas ó scríbhneoirí le haghaidh maoiniú do dhrámaí raidió ó scéim mhaoinithe chraoltóireachta Fuaim & Fís Údarás Craolacháin na hÉireann. Cuirfidh stáisiún Gaeilge Bhaile Átha Cliath fáilte roimh dhrámaí a bhaineann le haon téama nó seánra. Cuirfidh siad tacaíocht agus treoir phroifisiúnta ar fáil chun an léiriúchán a chur i gcrích. Ba chóir don scríbhneoir script samplach (1,000 focal) agus achoimre a sheoladh faoin Luan 7ú Lúnasa. Eolas: judy.meg@raidionalife.ie

Fís an Phiarsaigh

Is é “Fís an Phiarsaigh i 2016” an téama a bheidh ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, Ros Muc, Co na Gaillimhe, an tseachtain seo. Tosóidh an scoil Déardaoin agus mairfidh sí go dtí an Satharn. Tabharfaidh an scríbhneoir agus iar-choimisinéir teanga, Seán Ó Cuirreáin, caint ar dhúnmharuithe Mhám Trasna; beidh cainteanna leis an Dochtúir Mary Harris, Íte Ní Chionnaith, Muireann Ní Mhóráin agus díospóireacht mhór ar an Ghaeltacht le hAire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne (FG), leis an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) agus leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF). Eolas: gaeilge@cocogaillimh.ie