‘Díomá’ ar Fhianna Fáil, ‘sásamh’ ar Fhine Gael, faoi chúrsaí teanga

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Mícheál Martin TD, go raibh “díomá” air faoi na hathruithe a bhí beartaithe don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Chonacthas dó gur laghdú stádais agus cumhachta a bhí i gceist.

Agus é ag caint ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin inné, dúirt sé go raibh "laghdú an-mhór le teacht anois maidir le stádas COGG, agus maidir leis an mheon a bhí taobh thiar den Acht Oideachais ag an am, go raibh gá faoi leith ann i bhfad níos mó a dhéanamh go speisialta chun tacaíocht a thabhairt do na scoileanna lán-Ghaeilge".

Cháin sé an socrú a rinneadh le COGG a thabhairt faoi chúram An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA).

Chreid sé gur cheart go mbeadh COGG neamhspleách ar an NCCA mar go raibh sé ar dhualgas COGG “comhairle a thabhairt don NCCA ó thaobh na teanga de”.

READ MORE

Bhí baol anois ann go mbeadh “laghdú” ar chumhacht COGG agus nach mbeadh an t-eagras “chomh cumasach” san am a bhí le teacht agus a bhí roimhe seo.

Dúirt sé fosta nach raibh ciall ar bith leis an athstruchtúrú a bhí beartaithe do bhord COGG ach an oiread, athstruchtúrú a chiallódh nach mbeadh ionadaithe tofa ag múinteoirí nó tuismitheoirí: “Mar is eol dúinn go léir, páirtnéireacht atá i gcroílár an chóras oideachais, i gcroílár na fealsúnachta a bhí againn go léir ó thosach – páirtnéireacht idir na tuismitheoirí, na múinteoirí, údaráis na scoileanna éagsúla, agus caithfidh tú an pháirtnéireacht sin a choimeád, go háirithe i gcomhthéacs scoileanna lán-Ghaeilge.” Fáilte McHugh Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, fáilte roimh thorthaí na bliana 2014 a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta arú inné.

B’ábhar sásaimh é gur cruthaíodh an líon ab airde post sa Ghaeltacht ón bhliain 2008, cruthúnas a bhí ann go raibh “obair fhiúntach ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun bonn seasmhach a choimeád faoin fhostaíocht sa Ghaeltacht”.

Dúirt sé fosta gur léirigh an cistiú breise de mhilliún euro a fuair sé do bhuiséad caipitil an údaráis do 2015, gur léirigh seo go soiléir “tiomantas leanúnach an Rialtais do chruthú post agus d’fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht.

“Tá mé sásta go gcuideoidh an cistiú breise seo leis an údarás poist a choinneáil ina gcliantchuideachtaí...”

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times