Díospóireacht Uí Chadhain san ardchathair

Beidh Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain ar siúl amárach, 29ú, Eanáir, sa Téatar Poiblí/Halla Scrúdaithe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Gael Linn a eagraíonn an comórtas bliantúil seo do scoileanna. Beidh Craobh na Sóisear ar siúl ag 4.30pm agus Craobh na Sinsear ag 6pm. Scoileanna ó Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, an Mhí, agus ó Chiarraí a bheidh páirteach.

Pléifear dhá rún “Tá a gcearta á bhfáil ag mná i gcúrsaí spóirt in Éirinn” agus “Tá an tír seo á rialú ag an Aontas Eorpach.”

Is é Seán Kelly, Feisire Eorpach, aoichathaoirleach na hócáide agus cuireann Gael Linn fearadh na fáilte roimh an phobal teacht agus éisteacht leis na cainteoirí.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times