Fóram nua ag scríbhneoirí Gaeilge

Beidh an chéad chruinniú d’fhóram nua ag scríbhneoirí Gaeilge in Áras Scríbhneoirí na hÉireann i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 17ú Eanáir, ag 10.30am.

Dúirt eagraí na hócáide, Cathal Póirtéir, gur socraíodh go mbunófaí Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge le guth a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge agus chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann.

Tá sé ag súil go mbeidh scríbhneoirí próis, filí, drámadóirí agus eagarthóirí i láthair le linn an lae.

Bhí gá le plean d’fhorbairt na scríbhneoireachta, chun cumarsáid agus chun comhoibriú níos fearr a chruthú idir na scríbhneoirí agus na grúpaí eile a bhí ag plé le scríbhneoireacht Ghaeilge, a dúirt sé.

READ MORE

Chreid sé go raibh sé “in am glór agus tuairimí na scríbhneoirí féin a bheith san áireamh in aon bheartas forbartha as seo amach. Beidh an grúpa nua seo ag féachaint chuige deiseanna níos fearr a chinntiú do scríbhneoirí Gaeilge gairm na scríbhneoireachta a fhorbairt; a shaothar a bheith os comhair phobal léitheoireachta”.

Bhí fáilte roimh aon duine a bhí ag scríobh i nGaeilge teacht agus ba é a dhóchas go dtiocfadh an oiread de lucht pinn agus ab fhéidir. “Ní neart go cur le chéile,” a dúirt sé.