Gealltanais toghchánaíochta agus an mhéar fhada

B’fhiú go mór ceist bheo a dhéanamh den Ghaeilge san olltoghchán

FOCLÓIR: Tamaillín - short period, lánscor - dissolution, gealltanais - promises, fréamhach - fundamental, easnaimh - shortcomings, socruithe - arrangements, earcaíocht - recruitment, saineolaithe - experts, is maith an tuar - it bodes well.

Ar chéimeanna Thithe an Rialtais Dé Máirt seo caite, agus é ag fógairt an toghcháin, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh a lán déanta ag an Rialtas go dtí seo. Ach ag an am céanna, d’admhaigh sé nár dhóthain é.

Tamaillín i ndiaidh dó é sin a rá, thug sé cuairt ar Áras an Uachtaráin áit ar shínigh an tUachtarán Ó hUigínn an forógra lánscoir agus leis sin, tháinig deireadh leis an 32ú Dáil agus cuireadh tús oifigiúil leis an stocaireacht.

Chualamar ceannaire Fhianna Fáil Mícheál Máirtín ansin agus é ag fógairt go neamhbhalbh gur theip ar an Rialtas maidir le cúrsaí tithíochta, sláinte agus costais bheatha.

READ MORE

Ach cé go bhfuil na figiúirí ann a chabhródh le Mac Uí Mháirtín a chás a dhéanamh, ní fianaise nua é. Feicfear go luath an éireoidh leis an an pobal a mhealladh d’ainneoin go raibh comhaontú idir Fianna Fáil agus Fine Gael le linn saol na Dála seo caite. B’fhéidir nach bhfuil rún acu pósadh go fóill ach seans go ndéarfadh searbháin gur éirigh go maith eatarthu agus iad i bhfochair a chéile!

Dar ndóigh, cloistear an scéal céanna ó cheannairí na bpáirtithe uile ag gach olltoghchán: geallfar cláir chuimsitheacha oibre a dhéanfas Tír na nÓg den tír.

Ach, an cheist atá ann don phobal ná: an gcomhlíonfar a gcuid gealltanas?

Tá’s ag an lá go mbíonn liosta fada gealltanas ann nár comhlíonadh faoi dheireadh ré gach rialtais.

‘Sé an trua é a rá, ach tá sean-taithí ag lucht na Gaeilge ar an mhéar fhada mar gur ann go hiondúil a fhágtar formhór na ngealltanas a thugtar dóibh.

Pé acu den dá pháirtí is mó a chuirfear muinín an phobail iontu beifear ag súil leis nach gcuirfear na tairiscintí agus na gealltanais ar an mhéar fhada an babhta seo.

Go leor le déanamh

Rud amháin atá cinnte ná go bhfuil go leor le déanamh fós. Bhí an ceart ag Varadkar faoi sin. Beidh dúshláin mhóra roimh an rialtas nua ó thaobh na cothromaíochta, tithíochta, an chóras sláinte, coiriúlacht, an timpeallacht agus an Bhreatimeacht de agus beidh gá le cur chuige sách fréamhach leis na fadhbanna seo a réiteach.

Ó thaobh na teanga de, tá go leor ar lár.

In ainneoin dícheall beirt aire rialtais a léirigh díograis agus tiomantas don Ghaeilge agus iad in oifig, theip ar an Rialtas an bille teanga a láidriú go sásúil. Níor thógadar an bille ar aghaidh sách luath i saol an Rialtais agus tá ceisteanna móra fós le freagairt maidir leis an bpolasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais.

Tá easnaimh mhóra ar an mbille teanga. Cé, mar a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag an am, gurbh céim thábhachtach chun cinn é a bheith foilsithe, is údar imní iad na heasnaimh.

Níorbh leor iad na socruithe a bhí á mbeartú maidir le h-athruithe ar pholasaithe earcaíochta an Stáit agus soláthar sheirbhísí an Stáit sa Ghaeltacht i measc ábhar eile.

Maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais nach aisteach é nár forbraíodh polasaí comhtháite dí aríamh go dtí le déanaí nuair a thosaigh saineolaithe neamhspleácha ag caint ar a leithéid? Cén fáth nach í an Roinn féin a thosaigh an díospóireacht seo?

Ach is maith agus is mithid mar bheart é an polasaí náisiúnta a d’fhoilsigh oifig an tAire Joe McHugh agus is maith an tuar don earnáil é má chuirtear i gcrích a bhfuil sonraithe ann.

An flosc chun oibre atá le sonrú sna scoileanna déanfaidh sé leas na ngasúr ach cuirfidh aon mhoill ar an bpolasaí bac ar dhul chun cinn. Agus, ag deireadh an lae, siad na daltaí a bheidh thíos leis.

Beifear ag súil leis mar sin go gcuirfidh pé dhreamanna a thoghfar mar rialtas agus mar fhreasúra réiteach na bhfadhbanna seo chun cinn gan mhoill.

Cé nach bhfuaireadar gach rud a bhí uathu go fóilleach, léirigh an Dream Dearg gur fiú feachtasaíocht agus b’fhiú go mór mar sin ceist bheo a dhéanamh den Ghaeilge le linn an tréimhse toghchánaíochta seo.

Cnámh na huilinne

Déarfaidh formhór na n-iarrthóirí ag an doras go bhfuil bá éigin acu leis an teanga. Ach nuair a thagann an scéal go cnámh na huilinne tá sé tugtha faoi deara nach bhfreastalaíonn a bhformhór ar dhíospóireachtaí Dála a bhaineann le cúrsaí teanga. B’fhiú go mór an cur chuige seo a cheistiú.

Chun go mbeidh teanga na tíre le cloisteáil i ngnóthaí poiblí na tíre seo teastaíonn athruithe bunúsacha maidir le dearcadh agus cumas na státseirbhíse. De réir dealraimh níl an státseirbhís ina iomláine sásta ná in ann seirbhísí a chur ar fáil don phobal ina dteanga féin. Ní mór sin a athrú.

Is gá freisin dul i ngleic go gairmiúil le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais agus gan í a fhágáil faoi chúram na scoileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta amháin.

Tá go leor freagrachtaí ar an gCoimisinéir Teanga a bhaineann le reachtaíocht agus cur chuige an Stáit. Chun go n-éireoidh lena chuid iarrachtaí siúd agus chun feiceálacht na teanga a chur chun cinn sa Státchóras (ó thuaidh agus ó dheas), tá sé ríthábhachtach go mbeadh aire sinsearach ag bord an rialtais a mbeadh an teanga faoina c(h)úram

Tá na píosaí ann ach is éard atá ag teastáil anois ná duine éigin chun na mireanna mearaí a chur le chéile.

* Tá an-obair déanta ag Cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Catherine Connolly, agus pé rud a tharlaíonn san olltoghchán i mí Feabhra, is cinnte go mbeidh lucht na Gaeilge go mór faoi chomaoin aici agus ag an gCoiste as an ngrinnscrúdú a rinne siad le roinnt blianta anuas.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.