Gradaim chumarsáide CLG d’iriseoirí TG4 agus RnaG

Bhronn an Cumann Lúthchleas Gael, Gradam MacNamee, ar an iriseoir, Máire Treasa Ní Cheallaigh, as a cuid oibre. Iriseoir foirne le RTÉ/TG4 í Ní Cheallaigh agus is minic í ag scríobh ar chúrsaí spóirt ar an leathanach seo. Mhol an CLG í as a tuiscint ar chúrsaí an chumainn agus as a halt faoi Lester Ryan agus an óráid chlúiteach a thug sé i ndiaidh gur bhain Cill Chainnigh craobh iomána na hÉireann, alt a foilsíodh ar Bileog.

Lena chois sin, thug an CLG an Hall of Fame Award do Mhicheál Mac Donnchadha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, as a dhíograis agus a chumas agus é ag plé le cúrsaí CLG le 30 bliain agus tuilleadh.

Go maire siad beirt a ngradam.