Léachtaí Cholm Cille agus muintir Nulláin


Muintir Nulláin a bheidh faoi chaibidil sa chéad bhabhta eile de Léachtaí Cholm Cille. Tugann lucht na comhdhála le fios gur “beag teaghlach a raibh an oiread tionchair acu ar shaothrú na Gaeilge ó aimsir na hathbheochana i leith agus a bhí ag muintir Nualláin.

“Is liosta le háireamh iad na saothair a luaitear leo, idir fhicsean, aistí scolártha, aistriúcháin, iriseoireacht agus drámaí. Cérbh iad muintir Nualláin agus cén gaol a bhí ag a saothair iomadúla dá chéile?”

Is é An Dochtúir Louis de Paor a thabharfaidh an chéad léacht: “An té a bhíonn ag gáire, bíonn a leath faoi fhéin: An tAthair Peadar, an tAthair Gearóid agus Brian Ó Nualláin”

Agus beidh an tOllamh Fionntán de Brún ag caint ar “An Gruagach Gréagach’ – Gearóid Ó Nualláin, Beatha Dhuine a Thoil agus An Béal Bocht” an lá dár gcionn.

READ MORE

Lena chois sin, beidh léachtaí le hAisling Nic Dhonnchadha, Brian Ó Conchubhair, Ian Ó Caoimh, Nioclás Mac Cathmhaoil agus Brian Ó Catháin ar ghnéithe liteartha agus clainne mhuintir Nulláin, ar nós na n-úrscéalta, An Béal Bocht agus At Swim Two Birds agus scéalta bleachtaireachta. Lena chois sin, beidh seoladh leabhair agus deiseanna cainteanna le linn na comhdhála.

Is ar Ollscoil Mhá Nuad a bheidh na himeachtaí Dé hAoine 6ú Aibreán agus Dé Sathairn 7ú Aibreán.

Eolas: www.leachtaicholmcille.ie