Margadh na nGeallúintí

Sladmhargadh á thairiscint ag na páirtithe


Tá an margadh mór oscailte. Sladmhargadh athbhliana ar gach seastán!

Muna raibh Enda Kenny agus Joan Burton ag éisteacht go dtí seo, tá siad ag éisteacht anois – geallúintí ar ghearradh ar cháin ioncaim agus ar an USC, athrú ar cháin do na féinfhostaithe, méadú ar an mbunráta náisiúnta pá, cabhair bhreise dóibh siúd ar phá íseal.

I laethe tosaigh 2015, tá tús curtha leis an bhfeachtas don gcéad toghchán eile.

Bhí bliain spleodrach ghnóthach tugtha cheana féin ag Lucinda Creighton do thráchtairí polaitíochta.

READ MORE

Tar éis damhsa polaitiúil Shalómae a dhéanamh ar feadh bliana a d’fhág tráchtairí mar a bheadh Bart Simpson iontu ag fiafraí “Bhfuil muid ann fós?” tá beart déanta ag Creighton de réir a briathair.

Thapaigh sí deis sos nuachta na hathbhliana a úsáid chun a páirtí nua a fhógairt.

Ba thráthúil an cleas bolscaireachta é agus léiriú eile ar a misneach.

Bhí osréalachas Pythonúil ag baint leis an ócáid, áfach. Dream beag daoine gan mórán clú taobh amuigh de Creighton agus Eddie Hobbs agus iad ag caint i dtéarmaí an-ghinearálta faoi thodhchaí an-éiginnte. Páirtí le bunú Dáiríre ní fógra go raibh páirtí nua bunaithe a bhí ann ach fógra go raibh páirtí nua le bunú amach anseo.

Níl aon ainm ar, ná polasaithe ag, an bpáirtí úr fós. Tá an t-iomlán fós le socrú.

Níl a fhios ach an oiread cé hiad na daoine atá taobh thiar den bpleanáil.

Níl d’eolas againn faoin aontas aimhréidh seo ach leideanna.

Deir Creighton go bhfuil 16 iarrthóir réidh le seasamh agus go bhfuiltear ag súil le hiarrthóirí a chur ar aghaidh i ngach Dáilcheantar.

Go n-éirí sin leo, mar is dúshlán ollmhór é mar a fuair na PDanna amach.

D’fhógair Creighton agus Hobbs ceithre phrionsabal ghinearálta ar a sheasfadh an páirtí ach ní raibh rud ar bith iontu nach raibh ag gach páirtí den eite dheis sa Stát.

Leoga, rinneadh comparáid ar an idirlíon le seanchlár toghcháin de chuid Fhine Gael agus ba bheag nárbh ionann na prionsbail a bhí le léamh ansin.

Faoi chúrsaí sóisialta, níor dhúirt Creighton mórán ach amháin go bhfágfaí faoi choinsias gach baill conas a vótálfadh siad ar a leithéidí.

Ó shin, tá sé ráite aici go gcuirfeadh sí deireadh leis an USC, d’athródh sí an cháin tí ach go bhfanfadh na táillí uisce.

Beadh sé deacair agus míchóir léirmheas a dhéanamh ar an “bpáirtí” seo go dtí go mbíonn sé ann ach is leor a rá gurb ábhar imní d’Enda Kenny agus d’Fhine Gael é sa mbliain atá romhainn.

D’fhéadfadh sé rogha eile a chur ar fáil do dhaoine coimeádacha a vótálfadh de ghnáth d’Fhine Gael.

Ach is ábhar imní é freisin d’Fhianna Fáil. D’fhéadfadh sé a bheith ina thearmann do na céadta a d’fhág Fianna Fáil agus nach vótálfadh arís dó.

Tá thart ar dheich faoin gcéad den toghlach amuigh ansin le mealladh. Má bhíonn bliain ag Creighton chun feachtas ceart a chur ar an mbóthar, cá bhfios nach nglacfadh go leor acu leo mar rogha shlán lárnach?

Go dtí seo, dhealródh sé nach raibh vótóirí ag tréigint Fhine Gael ar an scála céanna agus atá siad á gcailliúint ag an Lucht Oibre.

D’fhéadfadh Creighton é sin a athrú beagáinín.

Muna bhfuil an Lucht Oibre chun imeacht ar bhealach na nGlasach, caithfidh siad rud éigin suntasach a dhéanamh i 2015 chun muinín na cosmhuintire a fháil ar ais.

Measann tráchtairí áirithe go bhfuil an raic faoi uisce ag cur chaidhp an bháis orthu.

Bí ag súil le seift nó dhó a chuirfidh airgead isteach i bpócaí a vótóirí traidisiúnta i 2015.

Ar an dtaobh eile den teach, is féidir le Micheál Martin agus le Fianna Fáil ábhar sásaimh a bhaint as a mbua sna toghcháin áitiúla.

Rinneadh sár-iarracht aghaidh nua a chur ar an bpáirtí.

Bagairt

I 2015, áfach, ghlacfadh sé míorúilt chun bagairt dáiríre toghchánaíochta a dhéanamh astu. B’fhiú dóibh dul ag suirí.

Taobh amuigh de na Neamhspleáchaigh, is dócha gurb é Sinn Féin a rinne an dul chun cinn is mó i rith 2014.

D’éirigh leis an bpáirtí go maith sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha

Ach beidh siad faoi léigear i 2015. Tá an ghráin dhearg ag na páirtithe seanbhunaithe orthu agus ní dhéanann codanna den bpreas aon rún de go bhfuil feachtas tosaithe acu ina n-aghaidh.

Is cumhachtach iad na fórsaí atá meáite ar iad a choinneáil amach as rialtas, ar ais nó ar éigean.

Tig leo a bheith ag súil le sciolladóireacht seachtainiúil faoina bpolasaithe eacnamaíocha i 2015, go háirithe ó Joan Burton.

Tá gné nua spéise curtha ag Creighton i bpolaitíocht na bliana agus b’fhéidir go gcuirfí capall nó dhó eile amach as stábla na n-iarrthóirí neamhspleácha leis an spéis sin.

Más mall is mithid.

Níor mhór do gach Teachta Dála a bheith réidh, ar a ghogaide.

Tá páirtithe an chomhrialtais meáite ar an bhfód a sheasamh go dtí deireadh an téarma ach d’fhéadfadh cúis gan choinne lasóg a chur sa bharrach.

“Is iad na rudaí beaga…” mar a dúirt Albert Reynolds.