Mórshiúl agus Máirseáil

Is gnách go nasctar imir éigin mhíleatach le máirseáil seachas le mórshiúl.

Nuair a shamhlaíonn daoine go bhfuil teipthe ar an daonlathas agus nach bhfuiltear ag éisteacht leo a thuilleadh gabhtar amach ar na sráideanna. Is é a tharlaíonn ina dhiaidh sin is suimiúla. Mura bhfuil ann ach mórshiúilín nach bhfuil mór in aon chor agus dream áitiúil nó imeallach ag iarraidh go gcomhlíonfaí geallúint éigin a tugadh dóibh, is minicí ná a chéile nach mbactar leo.

D’fhéadfaí toradh éigin a bheith air dá leanfaí ar aghaidh leis de shíor is de ghnáth agus léirsithe leanúnacha a choimeád sa tsiúl, ach ina choinne sin thall tá Lukashenko fós ina phálás in Minsk, in ainneoin na mílte a bheith ar na sráideanna agus sna cearnóga poiblí le fada.

Ba dheacair a rá cé acu mórshiúl nó máirseáil a bhí i slógadh lucht leanúna Trump in Washington an tseachtain cheana, fág gur dócha gur tháinig a bhformhór de shiúl rotha, nó eitleáin, nó héileacaptair phríobháidigh. Ba chuma nó ruathar é ag deireadh cé go ndeir tráchtairí éagsúla go raibh sé i gceist acu an rialtas a chur de dhroim seoil agus gabháltas a dhéanamh ar phríomhfhoirgneamh an daonlathais. Má sea, bhí sé ar an iarracht cheannairce ba leibide, ba laige is b’uisciúla dar airigh mise ina thaobh riamh. Más áil leat coup d’état ceart a bheith agat ní foláir é a eagrú mar seo. I dtosach caithfear…Ach och, níl sé i gceist agam aon chomhairle a thabhairt anseo saor in aisce.

Is gnách go nasctar imir éigin mhíleatach le máirseáil seachas le mórshiúl. Is cinnte nach mar sin a tuigeadh do na siúlóirí síochánta úd agus iad ag dul trasna ar Dhroichead Bhun Tolaide Eanáir 1969, ach b’in mar a tharla dá n-ainneoin. Agus máirseálacha síochánta d’aon ghnó agus go daingean suite ba ea ceann Mhartin Luther King nuair a shiúil sé féin agus a lucht leanúna ar Washington sa bhliain 1963.

READ MORE

Ach is cinnte go raibh an mhíleatacht agus an tsaighdiúireacht i gcroílár Mháirseáil Fhada an Airm Dheirg a dhein Mao Zedong agus a lucht leanúna ar feadh bliana go hiomlán in 1934 d’fhonn éalaithe ó chrúcaí Chiang Kai Shek agus a chuid madraí reatha. Is dá bharr a thuill an feachtas cumannach dílseacht na dtuathánach, pé rud a tharla don dílseacht sin níos déanaí le linn na réabhlóide cultúrtha.

Níos gaire don bhaile bhí máirseáil na bhfaisisteach Iodálach chun na Róimhe in 1922 d’aon ghnó agus d’aon oghaim chun cumhacht a bhaint amach. Bíodh gurb é Mussolini féin a spreag agus a thionscain, níor de shiúl a chos a shroich sé ceann scríbe. Is cosúil go raibh a thóin níos ceanúla ar shuíochán ghluaisteáin ná mar a bhí a bhuataisí leathair ar an mbóthar.

Tá de thábhacht aige, áfach, ná gur thug sé treoir agus misneach dár gcuid ábhar faisistigh féin. Bhí an Ginearál Eoin Ó Dufaigh, chéad uachtarán Fhine Gael, faoi dhraíocht ag Mussoliní. Is uaidh a thóg sé tuairim na léine aondath, léinte gorma againne mar mhalairt ar léinte dubha na hIodáile. Is uaidh a dheineadar aithris ar chomhartha cúirtéise na láimhe deise in airde mar mhisniú aontachta agus bagartha. Agus is uaidh a fuair sé an smaoineamh máirseáil ar Bhaile Átha Cliath agus chun na Dála isteach dá ligfí leis.

Táthar ann fós gur céasadh dóibh nár éirigh leis, ach is meabhrú é gur caol é screamh an daonlathais. Meabhrú, leis, é nár ghá gurb ábhair faisistigh iad gach duine sa pháirtí poblachtach Poncánach, go díreach is nárbh ábhair faisistigh iad gach uile dhuine in Fine Gael in ainneoin gur chuid dhílis d’ógra an pháirtí iad na léinte gorma ag an am agus gurbh iad ba mhó a sheas le Franco nuair a chuir sé i gcoinne ghuth an phobail.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar