Oireachtas na Gaeilge ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath

Baileoidh lucht cathrach agus tuaithe, lucht féachana agus iomaitheoirí le chéile d’fhéile mhór chultúrtha na Gaeilge

Foclóir: Sceitimíní - excitement, sluaite - crowds, iomaitheoirí - competitors, oidhreacht - heritage, séanadh - deny, clár imeachtaí - programme of events.

Beidh sceitimíní ar na sluaite agus iad ag triall ar Óstán Citywest ar imeall Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo. Óir is ann a thionólfar féile mhór chultúrtha na teanga, Oireachtas na Samhna 2019, agus beidh rogha leathann d ’cheoltóirí agus iomaitheoirí den scoth le feiceáil agus iad i mbun a gcuid ceirde.

Baileoidh lucht cathrach agus tuaithe, lucht féachana agus iomaitheoirí, foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais le chéile san óstán seo i dTeach an tSagard ón gCéadaoin ar aghaidh. Is ansin a bheidh formhór na n-imeachtaí agus táthar ag súil go bhfreastalóidh suas le 10,000 duine ar na comórtais agus ar na hócáidí coimhdeacha thar thréimhse chúig lá.

Dar ndóigh, is é an bhunaidhm atá ag an Oireachtas ná na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chur chun cinn agus ní ceart go mbeadh díomá ar aon duine a a bhreathnaíonn ar chlár imeachtaí fhéile na bliana seo.

READ MORE

Feicfear luaite ann na hócáidí is cáiliúla ar nós phríomh-chomórtas sean-nóis na tíre Corn Uí Riada, Lúibíní agus Steip (rince ar an sean-nós).

Le cois comórtais damhsa, scéalaíocht, agallamh beirte agus amhrán ar an sean-nós beidh léachtaí, seimineáir, ceardlann agus, dar ndóigh, scoraíocht, caidreamh agus comhluadar.

“Cuireann muid béim faoi leith ar na comórtais ar nós Steip, ar amhránaíocht ar an sean-nós, ar Chorn Uí Riada agus mar sin de agus tá tábhacht leo - nílim dhá shéanadh sin,” arsa stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha.

“Ach na seisiúin! An club amhránaíochta ar oíche Aoine agus Satharn faoi stiúir Máirín Uí Chéide! Dhá bhliain ó shin, chan 83 duine difriúil ag club na Féile ar an oíche Satharn Shathairn agus níor chan aon duine acu an t-amhrán céanna!

“Go leor acu is daoine iad nach nglacadh páirt i gcomórtas go deo na ndeoir.” Is dócha gurb é an caidreamh áirithe sin a tharlaíonn idir muintir na Gaeilge croílár spiorad na féile.

“An teacht le chéile, an pobal seo, an gríosú seo agus an t-aitheantas go bhfuil daoine eile sa bhád céanna leat,” a dúirt Ó Maolaodha.

Cúis cheiliúrtha?

Cé go bhfuil gach uile sheans ann gur ócáid eile den scoth a bheidh san Oireachtas i mbliana, ní fada riamh ó intinn chomhluadar na nGael ceist an mhaoinithe.

In ainneoin go bhfuil méid áirithe tacaíochta ar fáil ón Stáit, tá na heagrais a chuireann cultúr na nGael chun cinn de shíor faoi bhagairt an ghanntanas airgid.

“Grúpa iad, go deimhin, atá faoi léigir agus faoi ionsaí cuid mhaith ó thaobh tacaíochta de,” arsa Ó Maolaodha.

Beidh féile na bliana seo ar an 80ú féile ó ar athbhunaíodh an tOireachtas i 1939 ach níl ceiliúradh ar leith beartaithe. Ní acmhainn don eagras airgead sa bhreis a chaitheamh an babhta seo.

“Bhronnamar na gradaim fhoilsitheoireachta ag tús mí Dheireadh Fómhair agus rinne muid é sin i dteach an tArd Mhaor - áit a raibh an tOireachtas i 1939,” dúirt Ó Maolaodha.

“Bhí súil againn rud éigin níos substaintiúila a dhéanamh, ach ar ndóigh, ceal airgid níor éirigh linn,” ar sé.

Bíodh go bhfuair an tOireachtas €622,000 i mbliana, ní dhealraíonn sé gur leor fós é do riachtanais na féile féin.

“I 2015 fuair muid €690,000,” arsa Ó Maolaodha.

“Tá foireann d’ochtar (againn) agus méid áirithe den deontas, tá sé curtha ar leataobh le cinntiú go bhfuil na tuarastail slán - tá an méid atá le caitheamh ar imeachtaí agus ócáidí ag laghdú.”

“Ón uair a ceapadh muid mar cheann eagraíocht ag tús 2014 tá an deontas bliantúil laghdaithe go substaintiúil - os cionn 10 faoin gcéad go leanúnach. Tá sé uafásach deacair an obair a choinneáil ag imeacht, caighdeán éigin a choinneáil ó thaobh cur i láthair, craobhscaoileadh a dhéanamh ar ár scéal agus mar sin de - gan an t-airgead sin.

“Agus, is ionann scéal é do na ceanneagraíochtaí eile. Tá na fadhbanna mar an chéile,” a deir sé.

Ní shin le rá dá mbeadh an t-airgead ann nach mbeadh fadhbanna eile ann.

Bheadh deacrachtaí ann a dúirt sé.

“Bíonn deacrachtaí ann na daoine cearta a fháil, na meáin a mhealladh le haitheantas leanúnach a thabhairt- agus tá mé ag caint ar RTÉ, TV3 agus mar sin de.”

Ach, gan an t-airgead sin, “níl seans dhá laghad againn”.

Dialann

Ag a 1.30i.n. ar an Déardaoin beidh comórtas Lúibíní do dhaoine óga sa Svuít Newcastle san ionad fóillíochta.

Beidh seans agat do thuairim féin ar an scéal a léiriú le linn próiseas comhairliúcháin Fhoras na Gaeilge ‘ Treo Straitéiseach’ don eagraíocht sa tréimhse 2020-2025. Svuít Citywest, Óstán Citywest, 2i.n.

Beidh príomh chomórtas sean-nóis na hÉireann, Corn Uí Riada, ar siúl ag a 7i.n ar an Stáitse Mór, san ionad comhdhála ar an Satharn.

Seolfaidh an Dr Brian Ó Raghallaigh, Ollamh cúnta le tionscadail taighde i Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU, suíomh úr PEIG.ie san óstán ar an Satharn freisin. Tabharfar léargas maidir le teicneolaíocht agus an Ghaeilge ar an idirlíon.

Dóibh siúd a bhfuil gasúir acu, beidh cúinne spraoi le bréagáin do leanaí óga ar fáil i rith thréimhse na féile. Imeasc na mbréagán beidh cluichí boird, ábhar ealaíne, leabhair agus eile do gach aoisghrúpa. Beidh Giggles, an fear grinn, i láthair. Svuít Carraig, An tIonad Comhdhála. Déardaoin agus Dé hAoine 10r.n.-5i.n.

Beidh meitheal Nuacht TG4 ag léiriú trí chlár ‘Oireachtas 2019’ oíche na Céadaoine, agus ar an Déardaoin agus ar an Aoine. Craolfar an clár siamsaíochta ‘Lár Stáitse’ ag 8i.n. ar an Aoine agus beidh an príomh-chomórtas damhsa ar an sean-nós ‘Steip’ beo ar an Satharn ó 1.15i.n.

Beidh na mórchomórtais á gcraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ón láthair ón Déardaoin. Breis eolais rnag.ie.

Beidh deis na healaíona béil dhúchasacha a fheiceáil beo ar youtube mar a mbeidh na comórtais Agallamh Beirte, Lúibíní, agus Amhráin Saothair á sruthú. Gach eolas le fáil ar shuíomh an Oireachtais ag antoireachtas.ie.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.