Seandálaí agus dealbhóir a d’fhág lorg ar Éirinn

Phós Gabriel Hayes Seán P Ó Ríordáin sa bhliain 1936 agus chuir siad fúthu i mBaile na Manach i gCorcaigh.

Foclóir: Seandálaíocht - archaeology; dealbhóir - sculptor; tochailt - excavation; cnámha créamtha - cremated bones; coirníní muince - necklace of beads; ráthóir - guarantor; comhaontas - alliance; dumha - mound; a snoí - to sculpt; meá - mead.

Ar bhinn tí ar eastát Theach an Chaisleáin i gCill Droichid, Contae Chill Dara tá an inscríbhinn seo leanas: An tOllamh Seán P Ó Ríordáin, Seandálaí 1905-1957 agus Gabriel Hayes Ó Ríordáin Ealaíontóir 1909-1978. Bhí cónaí orthu sa teach seo

Bhí fear an tí, ar mac é leis na Ríordánaigh, lánsásta labhairt liom faoina thuismitheoirí.

Rugadh agus tógadh Séan P Ó Ríordáin i gcathair Chorcaí i 1905. Agus é ag obair mar mhúinteoir d’fhreastail sé ar ranganna oíche sa tseandálaíocht in Ollscoil Chorcaí. D’fhoghlaim sé deá chleachtadh i gcúrsaí seandálaíochta le linn cuairteanna ar Shasana agus ar an Mór Roinn thar na blianta.

READ MORE

Chuaigh sé i ngleic leis an teicneolaíocht ba nuaí ag an am agus chaith sé tamall sna músaeim agus ag freastal ar thochailtí in áiteanna éagsúla.

Ón méid sonraí a bhailigh sé bhí sé in ann a mhonagraf tábhachtach a fhoilsiú faoin ‘halbard’ - cineál de cheann tua - a aimsíodh in Éirinn agus in iarthar na hEorpa. Lean sé leis ag foilsiú alt go forleathan faoi thopaicí ón Tréimhse Neoiliteach go dtí Tréimhse na Lochlannach. Sa chaoi sin chuir sé go mór leis an méid eolais atá againn faoi Éirinn san aois luath.

Ba sa Mhúsaem Náisiúnta i mBaile Átha Cliath a thosaigh sé a shlí bheatha ghairmiúil mar sheandálaí agus b’ann a chas sé le Gabriel Hayes. Bhí sí ag freastal ar Scoil Chathrach na nEalaíon in aice láimhe. Bhláthaigh a ngrá as sin amach.

Cuireadh tús le tionscadal tochailte na Teamhrach go luath i samhradh 1952. Bhí an Ríordánach ina Ollamh le Seandálaíocht Cheilteach ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag an am agus bhí sé i gceannas ar an tochailt. Sa bhliain 1956 tar éis dhá shéasúr de thochailtí bhuail tinneas Séan gan choinne agus é i mbláth a ghairme. D’éag sé sa bhliain 1957 in aois a 52 bhliain. Is cuimhin lena mhac a bheith in éineacht lena athair le linn na dtochailtí ar Ráth na Seanadh agus Duma na nGiall. Ba é Cnoc na Teamhrach an t-ionad séadchomharthaí seandálaíochta ba mhó cáil in Éirinn.

Tuama pobail ba ea Duma na nGiall. Is pasáiste íseal cloiche é a tógadh thart ar 3,000 RCh faoi dhumha ciorclach cloiche agus cré. Nuair a tochlaíodh an áit sna 1950idí fuarthas líon ollmhór cnámh créamtha agus neamh chréamtha daonna sa phasáiste, taisí breis agus 300 fear, bean agus páiste.

De réir an Dinnseanchais, i Ráth na Seanadh a bhí láthair na chéad seanad eaglasta. Ar dtús ba shraith teampall adhmaid é amuigh faoin aer ach i gcaitheamh 700 bliain nó mar sin athraíodh é go raibh sé ina reilig. Ar deireadh ba áit chónaithe é ag scoth aicme chumhachtach a raibh ceangal acu leis an saol Rómhánach. Fuarthas earraí potaireachta agus soithigh ghloine Rómhánacha ar an láthair, rud a thug le fios go raibh teagmháil ag an áit leis an saol Rómhánach.

Scríobh an Ríordánach ‘Antiquities of the Irish Countryside’ leabhar a bhfuil tóir air mar shaothar tagartha i gcónaí.

B’iomaí cuairt a thug mé agus mo chlann ar an talamh tulcach ar Chnoc Teamhrach. Bhain na páistí sásamh as a bheith ag rolladh le fána agus ag spraoi le chéile ann.

Is i mBaile Átha Cliath a saolaíodh Gabriel Hayes i 1909. Fuair sí a cuid oideachais i gColáiste na nDoiminiceach i Sráid Eccles sa chathair. Le linn di a bheith ina mac léinn ansin bhí réimse leathan dá saothar ar taispeáint san Acadamh Ibeirneach Ríoga, pictiúir ola, dealbha de phlástar agus d’adhmad agus gearrthacha líonóile san áireamh.

I ndiaidh do Gabriel Seán P Ó Ríordáin a phósadh sa bhliain 1936 chuir siad fúthu i mBaile na Manach i gCorcaigh. Bhí Seán ina ollamh le Seandálaíocht in Ollscoil Chorcaí ag an am. Le linn do Gabriel a bheith i gCorcaigh dhírigh sí ar an bpéintéireacht - portráidí agus gearrthacha líonóile go príomha a bhí idir lámha aici mar ní raibh stiúideo ealaíne aici ag an tráth sin.

Sa bhliain 1938 thóg Saorstát Éireann an chéad fhoirgneamh rialtais - An Roinn Tionsclaíochta agus Trádála i Sráid Chill Dara. Ar aghaidh an fhoirgnimh Art Deco sin shnoigh Gabriel na painéil chloiche ar a bhfuil cinn daoine agus siombail éagsúla a léiríonn tionscail éagsúla an stáit nua.

Dhear Gabriel trí bhonn airgid don airgeadra deachúil i 1971: an leathphingin, an dá phingin agus an t-aon phingin amháin. Tá dearaí na mbonn bunaithe ar éin ó shean-lámhscríbhinní Éireannacha. Bhí sí go breá sásta go raibh samplaí dá saothair i bpócaí gach Éireannaigh!

Tar éis bhás a fir chéile i 1957 thosaigh Gabriel ar shaothar ollmhór -Turas na Croise - in Ardeaglais na Gaillimhe. Thóg sé ocht mbliana déag uirthi é a dhéanamh. Tá ocht is fiche íomhá ar mhéid nádúrtha gearrtha i gcloch ann agus b’fhiontar millteanach uaillmhianach é do bhean a raibh 50 bliain slánaithe aici ag an am. Ba é seo príomhshaothar a saoil.

Tá an dealbhóireacht i gcloch Portland dochreidte. B’éacht iontach é gan amhras. B’éigean dí 28 n-íomhá ar mhéid nádúrtha a ghearradh as cloch le siséal agus a chinntiú gur shnoigh sí gach aghaidh agus gach iompar coirp go healaíonta ionas gur léirigh sí Páis agus céasadh Chríost i gceart.

Tá raidhse samplaí eile dá saothar poiblí le feiceáil in áiteanna éagsúla timpeall na tíre.

Thug mé cuairt ar an Músaem Náisiúnta le déanaí chun taispeántas ar thochailtí agus suirbhéanna seandálaíochta ar Chnoc Teamhrach a fheiceáil ina raibh páirt lárnach ag Seán P Ó Ríordáin iontu.

Bhí a ainm in airde sna tuairiscí nuachtán ag an am agus tá grianghraif de Sheán agus dá chomhghleacaithe a chuidigh leis sna tochailtí sin le feiceáil sa taispeántas.

Tar éis dom an músaem a fhágáil, shiúil mé trasna an bhóthair go dtí an foirgneamh Art Deco ina bhfuil dhá roinn stáit lonnaithe.

Os cionn an dorais tosaigh tá na painéil a shnoigh Gabriel Hayes Ó Ríordáin i 1938. Is díol spéise é go bhfuil samplaí de shaothair na lánúine seo le feiceáil an-ghar dá chéile i Sráid Chill Dara an áit ar casadh ar a chéile iad den chéad uair. A leithéid de chomhtharlú!