Tá ceacht le foghlaim againn ón chéachta

An bhfuil sé in am an céachta a chur ar leataoibh agus tosnú ar shíol a chur?


Ar an dTulach Mhór amárach, beidh céachtaí den uile chineál ar taispeáint, mar a gcuirfear tús leis an gCraobhchomórtas Náisiúnta Treabhadóireachta.

Ach ní bhíodh an céachta ina ábhar ceiliúrtha mar seo i gcónaí riamh.

Siombail ar streachailt an lucht oibre a bhí sa chéachta i bhfad siar. Sheas sé d’oibrithe na talmhaíochta sa bhrat den Aontas Sóivéadach, sular cuireadh an corrán ina áit níos déanaí.

Ar an mbrat céanna, agus léirithe trasna an chéachta a bhí an casúr – siombail ar na hoibrithe tionsclaíocha. Aontas an dá ghrúpa i gcoinne lucht an rachmais a bhí sa dá shiombail in éineacht.

READ MORE

Anseo in Éirinn, ba é an céachta a úsáideadh ar bhrat Arm Cathartha na hÉireann, arm a bunaíodh chun cosaint a thabhairt do bhaill na gceardchumann go luath sa chéad seo caite.

Siombail ar shóisialachas Éireannach de chuid James Connolly a bhí ann, agus é bunaithe ar chruth na seacht réalta sa spéir, ar a dtugaimid an Camchéachta (nó an tSeisreach) sa realteolaíocht.

Bheadh smacht ag Éire ar a chúrsaí féin, ón dtalamh aníos go dtí aird na spéire.

Ghearrfadh an soc céachta an talamh, agus chaithfí an scrabha, sé sin, an caipitleachas agus an córas eacnamaíoch, bun os cionn.

Agus bheadh na réaltaí anairde ina lóchrann chun an réabhlóid a stiúradh. B’shin an bhrí a bhí leis.

Bhí claíomh sáite síos isteach sa chéachta chomh maith, mar léiriú ar conas úsáid a bhaint as uirlisí cogaíochta i slí a bhí tairbheach – seachas scrios agus marú.

Tá tagairt dó seo i Leabhar Isaiah sa Sean Tiomna, “claímh go céachtaí,” agus síocháin idir na náisiúin a bhí, roimhe sin, ina naimhde.

Teachtaireacht fhileata a bhí sa bhrat mar sin, ag tabhairt le fios go mbeadh deireadh leis an éagothroime agus an choimhlint tar éis don sóisialachas a bheith bunaithe.

Tháinig leagan níos simplí den chéachta ar an bhfód i 1934 – seacht réalta bhána ar chúlbhrat gorm – nuair a ghlac an ceardchumann is mó in Éirinn, Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann léi (SIPTU an lae inniu). Agus d’úsáid eagraíochtaí eile é chomh maith.

Tá débhrí ag baint leis an gcéachta mar sin; seasann sé do chruatan na n-oibrithe, ach is modh é chomh maith chun an saol nios fearr a bhaint amach – agus an saol dearóil a chaitheamh uathu.

Sclábhaíocht

Cuireann sé an t-amhrán,

The Merry Ploughboy

i gcuimhne, mar is é cúis na meidhre atá ar an mbuachaill, ná go bhfuil sé ag fágáil na “sclábhaíochta” ina dhiaidh, agus é ag dul ag troid i gcoinne arm na Breataine.

Fágtar le tuiscint go bhfuil baint ag an gcéachta agus riail Shasana in éineacht leis an sclábhaíocht a mhothaíonn sé.

Maireann an débhrí i gcónaí, inár saol féin, sa lá atá inniu ann. Bíonn daoine faoi chuing an chéachta i gcónaí, agus i slite difriúla.

Ar an dtaobh eile, samhlaítear saol idéalach leis an gcéachta – agus pléisiúr, más fíor don seanfhocal: na trí cheol is binne, an maistreadh á dhéanamh, an chéachta á síneadh, an muileann á mheilt.

(Dhealródh gur focal baininscneach a bhí ann sa leagan sin).

Go deimhin, is teangmháil uilechéadfach atá ann – clos, amharc, tadhall, boladh, agus blas. Agus tá iarracht éigin den séú céadfa ann chomh maith – mar a bheimis á mealladh ag an gcuardach nó an nochtadh atá ar siúl againn sa chré.

Agus go mbraithimid ceangal éigin leis an gcré as ar thángamar, agus leis an gcré ar a bhfillimid...

Nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfeicimid luach ár saothair láithreach agus sinn ag treabhadh – an chlais agus an t-iomaire inár ndiaidh sa ghort.

Agus go gcoimeádann an sásamh sin ag treabhadh sinn.

Ní mar sin atá nuair atá an síol á chur. Ní bhíonn toradh airsean chomh láithreach – agus tharlódh uaireanta nach dtagann an fómhar a mbíonn súil againn leis, go dteipeann ar an síol.

Ardaíonn sé sin ceist; an bhfuil an baol ann go gcaithimid an iomarca dua leis an treabhadh, nuair nach gá, nuair atá go leor treafa?

Go bhfanaimid fós ag treabhadh, agus go bhfágtar an branar gan cur dá bharr?

B’fhéidir go bhfuil ceacht anseo, i gcásanna áirithe ar aon nós. Ceacht an chéachta, abraimis.

An chéad uair eile, a fhiafraíonn duine díot conas tá agat, má bhíonn fonn ort a rá, “Ó, ag treabhadh liom,” smaoinigh ar an an méid atá treafa agat cheana féin.

An bhfuil sé in am an céachta a chur ar leataoibh agus tosnú ar an síol a chur?

Is gá an séasúr a bheith tagtha gan amhras, agus na réaltaí chun stiúir a thabhairt...