Ceiliúradh mór na Gaeilge

Is léas dóchais é líon na n-eagras pobail agus pobalbhunaithe atá le bheith rannpháirteach

Cuirfear tús inniu le ceiliúradh mór idirnáisiúnta na Gaeilge. Reáchtáiltear Seachtain na Gaeilge thar thréimhse trí seachtainí agus táthar ag súil go nglacfaídh na mílte páirt ina bhfuil beartaithe ar an gclár.

Ainmníodh an ceoltóir Imelda May, captaen iomána Luimnigh Declan Hannon agus an craoltóir Bláthnaid Treacy mar ambasadóirí teanga na bliana seo nuair a fógraíodh beo ar an aer iad ar chlár raidió dátheangach Bhláthnaid Treacy, StaidAir, atá dírithe ar mhic léinn na hArd Teiste.

Tugann Seachtain na Gaeilge le Energia (an t-ainm oifigiúil atá air) deis dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge, dóibh siúd atá ina gcainteoirí laethúla agus dóibh siúd atá fiosrach faoin teanga, páirt a ghlacadh le chéile i bhféile idirnáisiúnta agus phobail atá dírithe ar an nGaeilge.

Mar a dúirt Imelda May: “Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do dhaoine teacht liom ar m’aistear leis an teanga, tógáil ar an muinín atá acu agus úsáid a bhaint as cibé Gaeilge atá acu gan a bheith buartha faoi bhotúin a dhéanamh.”

READ MORE

Taca an ama seo anuraidh bhuail galar tubaisteach an tír nuair a scaip Covid-19 go Éirinn. Seachas an fhéile a chur ar ceal mar a tharla le go leor imeachtaí eile, thapaigh an coiste eagrúcháin an deis.

“An téama atá againn i mbliana ná An Ghaeilge ar líne,” a dúirt Orlaith Nic Gearailt atá ina bainisteoir ar an bhféile.

“Tá muid chun bealaí a thaispeáint do dhaoine ar féidir leo an Ghaeilge a úsáid ar líne. Is cuma cén caighdeán nó cén leibhéal Gaeilge atá acu, beidh imeachtaí ann do gach aon duine ar mian leo páirt a ghlacadh ann.”

Imeachtaí
Beidh dalladh imeachtaí pobail i gcroílár na féile i mbliana agus is féidir le haon duine nó eagras imeacht a eagrú ach cuairt a thabhairt ar an suíomh peig.ie.

“Tá clár faoi leith againn ó thuaidh i mbliana. Bíonn an-chuid imeachtaí ann - go háirithe i mBéal Feirste - tá sé sin ar an gceantar leis an méid is mó imeachtaí sa tír,” arsa Nic Gearailt.

“I mbliana beidh imeacht ar siúl sa Dún. Meascán d’Araibis agus Gaeilge a bheas ann. Tá muid ag nascadh chomh maith i mbliana le Mother Tongues, an t-eagras a chuireann na máthairtheangacha chun cinn.”

Tá an aicíd ghránna fós inár measc ach ní fada uainn fuascailt ón chuing. Is léas dóchais é líon na n-eagras pobail agus pobalbhunaithe atá le bheith rannpháirteach i Seachtain na Gaeilge le Energia i 2021.

Breis eolais: peig.ie agus snag.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.