Chun na farraige síos

Ceist níos íogaire is ea ceist na haoire, ceist ‘an Éireannaigh stáitse’

Tá ionad faoi leith ag Percy French i saíocht na hÉireann. Ba dhuine é a raibh éileamh mór ar a shaothar le linn dó a bheith beo, ach ag an am gcéanna, ní shamhlófá baint ar bith a bheith aige leis an athbheochan náisiúnta a bhí faoi lánseol fad a bheatha. Agus b'fhéidir nach raibh. Is fíorbheag an fhianaise atá againn go raibh aon chaidreamh aige le béisteanna móra na gluaiseachta sin, Yeats nó Synge nó an Bhantiarna Gréagórach féin. Ba dhóigh leat nárbh eol dó, nó nár shuim leis an chomplacht.

Ar shlí amháin ba lánait leat sin óir bhí baint mhór ag an aicme ar de é leis an athbheochan chéanna, go deimhin, ní raibh na mílte míle i gcéin idir é féin agus Dúghlas de hÍde maidir le haicme ná le ceantar de. Dá ainneoin sin, chuaigh sé i bhfeidhm ar ghnáthmhuintir na tíre ar shlí nach bhféadfadh a chomhaimsirigh. Cuir i gcás go raibh ceolchoirm dá chuid amhrán ar bun sa halla paróiste in Baile Uí Mhatháin nó in Claí an Dá Mhíle in aghaidh léiriú de ‘The Pot of Broth’ le Yeats san aon oíche amháin, cé acu a tharraingeodh na sluaite? Is ea, an ceart agat!

Is é cúis a bhí leis sin ná go raibh sé ag teacht i dtír ar ghluaiseachtaí áirithe cultúir a bhí ag sluaisteáil timpeall gan phort ag an am. Éileamh na ndaoine ar chultúr na hallaí ceolchoirme mar mhalairt ar an scoraíocht bhaile ar leith amháin, agus tuiscint éadrom a bheith aige ar thraidisiún na haoire orainn féin a bhí ginte ionainn ó dhúchas ar an leith eile.

Is fuiriste magadh a dhéanamh faoi chultúr sin na hallaí ceolchoirme mar táimid i bhfad níos sofaisticiúla anois lenár gcuid sobaldhrámaí, agus ár n-oileáin ghrá agus ár nochtadh nocht. Fós féin, thug an traidisiún sin amhráin ar nós ‘Finnegans Wake’ agus ‘Biddy Mulligan’ dúinn, a bhfuil glacadh a bheag nó a mhór leo i measc lucht bailéad a rá.

READ MORE

Ceist níos íogaire is ea ceist na haoire, ceist ‘an Éireannaigh stáitse’. Ba mhinic scríbhneoirí ag siúl ar imeall na faille seo, agus cuid acu ag titim isteach sa pholl caca dá réir. Ní féidir le haon duine pioc ar bith de Sommerville and Ross a léamh gan tuiscint do Bhriogáid Iarthar Chorcaí den IRA, agus b’fhearr go mór do ‘Riders to the Sea’ Synge go mbáfaí iad go léir sa chéad trí nóiméad, óir shábháilfeadh sé pianta fada agus olagóin gan chrích ar an lucht féachana.

Ina choinne sin thall, níor leasc linn féin an gamal Gaelach a aithint, mar is léir ar Pairlement Chloinne Tomáis nó Pléaráca na Ruarcach nó le fáil go rábach sa bhéaloideas. Ó, is ea, dhein Percy French magadh agus spraoi, ach d’fhionn sé féith na hamaidí sinn ionainn fein, amaidí a d’aithníomar a thug cead dúinn geangháire a dhéanamh faoinár laigí féin. Is fada bóthar iarainn iarthar an Chláir imithe, ach níl aon duine nach dtuigeann an magadh grinn atá in ‘Are you right there Michael, are you right?’

An t-amhrán is cáiliúla leis, ‘The Mountains of Mourne’ tá bunaithe ar sheanfhonn Gaelach a bhfuil a mhacalla le fáil go fairsing. Ceoltar go forleathan é agus go minic nuair a thagann foireann an Dúin go Páirc an Chrócaigh chun Ciarraí a chloí. Ach, fágtar an véarsa is tábhachtaí ar lár! Táimid eolach ar cheithre véarsa ach seachnaítear an rann polaitiúil i gcónaí ina bhfuil na línte ‘When we get all we want, we’ll be as quiet as can be/ where the Mountains of Mourn sweep down to the sea.’

B’fhéidir gur thuig sé an réabhlóid chultúr/pholaitiúil i bhfad níos fearr ná Yeats.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar