Geallta geala na toghchánaíochta

Tá slat tomhais eile ar dháiríreacht na ngealltanais a dhéantar roimh an toghchán.

“After four years of waiting I have come to the conclusion that I have been used not as a consultant but as an unwitting participant in a master plan to do nothing.”

Joshua Fishman, an soch-theangeolaí cáiliúl Meirceánach a dúirt an méid sin sa bhliain 1971.

Bhí sé ag cur síos go macánta ar thaithí a bhí aige ar feadh ceithre bliana agus é ina chomhairleoir don rialtas.

Ba ábhar an-mhór dóchais é an chomhairle a cuireadh ar an rialtas agus bhí súil ag daoine le dul chun cinn an-mhór dá bharr. Ba chomhairleoir ar chúrsaí teanga sa tsochaí é an Dr Fishman ag breis is deich rialtas ar fud an domhain. Thuig sé go maith go bhféadfadh rialtais diúltú dá chomhairle nó glacadh leis ach ní mar sin a bhí an scéal in Éirinn. An chluas bhodhar a tugadh dá mholtaí.

READ MORE

Ba chosúil nár theastaigh ó rialtas na linne ná ón mbuanrialtas tuiscint ar bith a fháil ar bhealaí nua le dul i ngleic le ceist na Gaeilge ná modhanna nua eolaíocha a thriall.

Dá mba rud é nach raibh an dearcadh diúltach, an doicheall, nó an drogall go smior sa státchóras, b’fhéidir go dtabharfaí Cothrom na Féinne don Ghaeilge - rud nach bhfágfadh aon ghné de shaol nó de chreat na tíre gan athrú.

B’fhéidir ‘théis chuile rud, gurb é faitíos roimh an athrú sin ba chúis leis an dearcadh diúltach.

Báire na fola

Ar ndóigh, is go mall a ghéilleann rialtais do éilimh an phobail ach nuair a fhógraítear toghchán tagann “báire na fola” polaitíochta agus bíonn seans ann an iliomad éileamh a bhrú ar na hiarrthóirí.

’Sé seo aimsir na ngealltanas. Is féidir athruithe a éileamh trí vóta a ghealladh nó a dhiúltú dóibh siúd a bhuaileann cnag ar an doras.

Geallfar grian agus geallach ach go dtí go bhfeicfear iad mar chuid de chlár rialtais, ní fiú mórán iad na gealltanais agus ní fada go ligfear i ndearmad iad.

Ach tá slat tomhais eile ar dháiríreacht na ngealltanas a dhéantar roimh an toghchán. Cuimhnítear ar líon na dteachtaí Dála agus seanadóirí nach mbacann le freastal ar dhíospóireachtaí i dTithe an Oireachtais a bhaineann le cúrsaí teanga.

Ní mórán acu a fhreastalaíonn - rud a léiríonn céard é go díreach atá taobh thiar de geallta geala na toghchánaíochta.

Cé nach dtugtar mórán airde ar chúrsaí Gaeilge sna mórmheáin Bhéarla, tá geallta déanta ag na páirtithe an babhta seo maidir le maoiniú, earcaíocht sa stát seirbhís agus polasaithe nua oideachais.

Tá fáilte rompu uile agus is léir go dtuigeann na páirtithe gur é a leas é polasaithe Gaeilge a chur faoi bhráid na ndaoine.

Ní haon ionadh mar sin é go bhfuil Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an bpobal an Ghaeilge a chur san áireamh agus iad ag caitheamh a vóta.

Tá ceithre bun éileamh acu atá aontaithe ag breis agus 70 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Agus táthar ag súil go mbeifear in ann a chinntiú go mbeidh cur ag na polaiteoirí lena bhfocail agus iad i gcumhacht.

Ar an gcéad dul síos, tá súil acu go gceapfar aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Duine le Gaeilge a bheadh ann a bhaineadh ionchur níos láidre agus torthaí níos fearr amach ag Bord an Rialtais agus sa cháinaisnéis.

Ar an dara dul síos, táthar ag súil le breis mhaoinithe - € 18m san iomlán (luach cúpla throigh de bhóthar nua!) ionas go bhféadfaí pleananna phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Dar leo, chruthódh sé seo breis agus 500 post.

Tá gá freisin, dar leo, le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais. Is gá polasaí cuimsitheach a chruthú d’earnáil oideachais na Gaeilge ina iomláine. Earnáil í seo atá i ngéarchéim faoi láthair - tá an t-éileamh mór agus ag fás ach níl na hacmhainní ann le freastal air.

Ar an gceathrú éileamh tá reachtaíocht láidir teanga ag a mbeadh tacaíocht an rialtais agus an státchórais le sonrú ann.

Is cinnte dá nglacfaí leis na héilimh seo go gcabhróidís go mór le sprioc an dá-theangachais ach ag deireadh an lae, b’fhéidir gurb é an mhóid is suntasaí a d’fheadfaí a ghnóthú ar leac an dorais ná geall sollúnta a fháscadh ó gach iarrthóir go bhfreastalóidh siad ar dhíospóireachtaí a bhaineann le cúrsaí Gaeilge. i dtithe an Oireachtais

Dá nglacfadh na teachtaí páirt sna díospóireachtaí seo chuirfeadh sé beocht nua sa Ghaeilge sa Dáil agus Seanad agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé freisin leis an díospóireacht náisiúnta faoi inmharthanacht chultúrtha an náisiúin Éireannaigh a raibh baint ag Joshua Fishman leis na blianta fada ó shin.

Ionad um Theangeolaíocht Fheidhmeach agus Ilteangachas

Seolfar an tIonad um Theangeolaíocht Fheidhmeach agus Ilteangachas (Centre for Applied Linguistics and Multilingualism - CALM), ionad nua taighde in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Déardaoin seo chugainn 6 Feabhra. Cuirfidh CALM ardán ar fáil do thaighde idirdhisciplíneach sa teangeolaíocht fheidhmeach agus san ilteangachas agus cuirfidh sé le feasacht an phobail faoi na ceisteanna sin. Beidh an Ghaeilge san áireamh sa phlé sin chomh maith le teangacha eile. Is é Uachtarán na hOllscoile an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh a sheolfaidh CALM ag a 5pm Déardaoin 6 Feabhra i seomra seimineáir G011 in Institiúid de Mórdha, OÉ Gaillimh. Ina dhiaidh sin tabharfaidh an tOllamh Helen Grech ó Ollscoil Mhálta léacht thionscnaimh faoin teiripe urlabhra agus an dátheangachas i Málta. Beidh cruinniú den Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism ar siúl ó mhaidin san ionad céanna agus cuirfear taighde nua faoin ilteangachas in Éirinn i láthair ansin. Tuilleadh eolais: nuigalway.ie/calm

FOCLÓIR: Macánta - honest, comhairleoir - adviser, sochaí - society, doicheall - reluctance, geall - promise, creat - framework, éileamh - demand, sprioc - objective, báire na fola - battle, slat tomhais - yardstick.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.